Ghaoth Dobhair, Dún na nGall

Nollaig 27-31, 2019

Tá Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair ag ceiliúradh sé bliana ar an fhód i mbliana. Beidh scoth na gceoltóirí linn, ar nós Dervish, Fidil, Julie Fowlis, Zoë Conway agus go leor eile. Reáchtálfar ranganna ceoil, amhránaíochta agus damhsa le cuid de na ceoltóirí is mó le rá! Beidh an méid seo ar siúl faoi scáth na hEargaile i nGaeltacht Gheal Ghaoth Dobhair.

Féile faoi leith atá i Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair. Is dóigh ghalánta í le socrú tar éis na Nollag, an bhliain úr a cheiliúradh le clann agus cairde agus sult a bhaint as scoth an cheoil, amhránaíochta, damhsa agus spraoi. Tá súil againn go mbeidh sibh linn!

Reáchtálfar imeachtaí na bliana seo sna hionaid seo a leanas: An Gailearaí (Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair), Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Amharclann Ghaoth Dobhair, Teach Jack,Teach Hiúdaí Beag agus CLG Ghaoth Dobhair.

Is iad Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair lucht eagraithe na féile agus gabhann siad a mbuíochas le

Tá an Scoil Gheimhridh thar a bheith buíoch don mhaoiniú leanúnach a fhaigheann siad ó Chiste Ealaíon Traidisiúnta na Comhairle Ealaíon.

Tuilleadh eolais: +353 (74) 956 0679 | Ríomhphost: scoilgheimhridh2013@gmail.com

Meet some of this years artists

Close Menu