Scoil Gheimhridh's 2019 Ceoltóirí

27ú Nollaig

Oscailt Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair le Seoladh Taispeántas Barry Kerr ‘Music From Anything: Ceol ón Cheo’ An Gailearaí, Gnó chlós na hÚdarás | 7pm | Saor

Tá taispeántas curtha le chéile ag Barry Kerr bunaithe ar fhocla John Doherty agus ar cheol agus ar thírdhreach Thír Chonaill. Cuireann an saothar olaí agus canbháis seo beocht i bpoirt, amhráin agus iontu siúd idir muir agus sliabh. Léiríonn sé caomhnóirí ceoil an réigiúin agus a dtraidisiún éagsúil ceoil.

28ú Nollaig

Léacht: Píobaireacht na mBan 1800 idí -1900 idí curtha i láthair ag Louise Mulcahy

An Gailearaí, Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair |3 i.n

Le himeacht staire, b’iad na fir ba mhó a bhí i gceannas agus a chuaigh i mbun na píobaireachta. B’iad ba mhó a luadh i dtaifid agus i bhfoilseacháin staire fosta. Is beag cáipéisíochta atá ar fáil a chuireann síos ar phíobairí ban sa 19ú agus 20ú haois. Faoi láthair, tá Louise Mulcahy i mbun taighde ar an ghné áirithe seo de cheol traidisiúnta na hÉireann. D’éirigh le Louise, a bhfuil clú idirnáisiúnta uirthi mar phíobaire agus fliúiteadóir, teacht ar ábhar luachmhar staire (cáipéisíocht agus grianghrafanna) a bhaineann leis na mná tábhachtacha seo.

Concert: Women Uilleann Pipes Concert | Coirm bPíob na mBan

Teach Hiúdaí Beag, An Bun Beag | 8.30pm | €7 – 10

Presented by Louise Mulcahy, in this concert we celebrate the current thriving female piping tradition with performers from Gaoth Dobhair, Ireland and beyond. All happening in the beautiful intimate setting of Teach Hiúdaí Beag. 

29ú Nollaig

Ceolchoirm an tráthnóna: UAINE - Bríd Harper, Tony O’Connell, Paul Meehan & Lisa Butler Teach Jack, An Ghlaisigh | 4 i.n

Ceathrar ceoltóir a bhfuil clú, cáil agus meas mór orthu atá i UAINE agus tá siad tar éis a gcéad albam ‘The Dimming of the Day’ a fhoilsiú. Is teagascóir agus cara mór le Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair í Bríd Harper, ceoltóir cumasach as Tír Chonaill, a bhfuil traidisiún láidir na fidle go smior inti. Níl dabht ach go bhfuil ceolchoirm den chéad scoth geallta agus tá muid ag súil go mór leis.

December 29th

Ceolchoirm na hOíche: Julie Fowlis, Zoë Conway, Éamon Doorley & John McIntyre le haíonna speisialta - Doimnic Mac Giolla Bhríde & Glórthaí Uladh

Amharclann Ghaoth Dobhair, Na Doirí Beaga |8.30 i.n

Ceathrar ceoltóir traidisiúnta de bhunadh na hÉireann agus na hAlban atá tar éis teacht le chéile chun cnuasach de cheolta agus amhráin a chruthú. Bhí siad spreagtha ag seanfhilíocht agus filíocht chomhaimseartha na Gaeilge agus na Gàidhlige. Foilsíodh an t-albam Allt, a thuill moladh thar na bearta, mar thoradh ar an chnuasach seo.

Beidh Glórthaí Uladh, grúpa amhránaithe as cóir i mBéal Feirste (Cultúrlann Mhic Adaim Ó Fiaich) agus as Cór Thaobh a’Leithid i nGaoth Dobhair mar aíonnna speisialta ar an oíche. Tá siad faoi stiúir Dhoimnic Mhic Giolla Bhríde, amhránaí iomráiteach sean-nóis a bhfuil go leor duaiseana bainte amach aige agus atá sáite i dtraidisiún na hamhránaíochta ó aois óg. Is iomaí cóiriú atá déanta aige ar amhráin an chóir agus chomh maith leis sin, bíonn sé ag cumadh fonn agus á gcur le seanfhilíocht na Gaeilge.

30ú Nollaig

Damhsa an tráthnóna: Damhsa Dhá Láimh le Jimmy & Peter Campbell & aíonna speisialta

Teach Jack, An Ghlaisigh | 4 i.n

Le treoir ó Anne Connaghan & Connie Mc Kelvey, beidh an deis agat blaiseadh a fháil den cheangal faoi leith atá idir ceol fidle Thír Chonaill agus an damhsa dhá láimh, le beirt de na ceoltóirí fidle is iomráití i dTír Chonaill. Bíonn an-tóir ar an imeacht seo bliain i ndiaidh bliana.

30ú Nollaig

Ceolchoirm na hOíche: FIDIL agus aíonna speisialta

Amharclann Ghaoth Dobhair, Na Doirí Beaga | 8.30 i.n

I ndiaidh daofa briseadh a ghlacadh ar feadh roinnt blianta, tá an grúpa ceoil cáiliúil Fidil (Aidan O’ Donnell, Ciarán O’ Maonaigh agus Damien McGeehan) tagtha le chéile arís don Scoil Gheimhridh, le réamhthaispeántas d’ábhar nua óna n-albam úr ‘Decade’. Léiríonn an t-albam seo ábhar spéise ealaíonta, bríomhar agus leanúnach chomh maith le pearsantacht an ghrúpa. Arís eile, spreag traidisiún fidle Thír Chonaill iad le teacht ar dhóigheanna éagsúla le ensemble fidle a chur i láthair.

31ú Nollaig

Ceolchoirm Oíche na Seanbhliana: Dervish & aíonna speisialta

Halla CLG Ghaoth Dobhair, Na Doirí Beaga | 9.30 i.n

Bhí bliain den scoth ag an ghrúpa ceoil Dervish as Contae Shligigh agus is mór an ónóir dúinn fógairt go mbeidh siad ag cur clabhsúir leis an bhliain linne i nGleanntáin Ghlas Ghaoth Dohair. Tá Dervish i ndiaidh ceol traidisiúnta na hÉireann a scaipeadh ar fud na cruinne le 30 bliain agus níos luaithe i mbliana, d’fhoilsigh siad ‘The Great Irish Song Book’ albam a fuair moladh thar na bearta! D’éirigh leo gradam saoil a bhaint amach ag Gradaim Tíre BBC i mbliana fosta. Sheinn siad ag féilte ó Rio go Glastonbury ach níl dabht ach go bhfuil siad fréamhaithe i dtraidisiún fada ceoil Chontae Shligigh, a mbaile dúchais.

1ú Eanáir 2020

Seisiún na n-Amhránaithe le Ciarán Mac Fheidhlimidh

Teach Hiúdaí Beag, An Bun Beag | 3 i.n

Imeacht a bhíonn mar chuid den Scoil Gheimhridh bliain i ndiaidh bliana. Bealach réchúiseach le tús a chur leis an bhliain úr agus blaiseadh a fháil de na hamhránaithe is fearr a bhfuil traidisiún amhránaíochta Thír Chonaill acu.

Close Menu