DÉ hAOINE 15ú d’AIBREÁN

LÉACHT: Nochtann “Ceol atá ligthe i ndearmad” an ceol rince is mó a raibh clú air ag tús an fichiú haois. An Gailearaí, Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair Na Doirí Beaga, 2.30 i.n.

Léacht le léardáidí á tabhairt ag Conor Caldwell

Bhí cineálacha agus struchtúir éagsúla port sa cheol traidisiúnta i gcónaí ó tháinig sé chun cinn ag tús an 19ú haois.  Tháinig cineálacha éagsúla port ó áiteanna ar fud na hEorpa go hÉirinn agus chuaigh siad i gceann ar ornáidíocht agus ar rithim cheoil na hÉireann, gnéithe atá aitheanta agus éagsúil ó chineálacha eile ceol tíre ar fud an domhain mhóir.

Faoi dheireadh an Dara Cogadh Domhanda, áfach, bhí blaiseadh den snagcheol, den luasc-cheol agus den rince aonchéime faighte ag ceantair iargúlta na hÉireann. Cuireadh rincí nua chun cinn agus tháinig meath ar na rincí a raibh an-tóir orthu leis na cianta. Bheartaigh na ceoltóirí traidisiúnta a sheinn ceol rince, dul i ngleic leis seo. D’fhoghlaim siad an ceol nua agus rinne siad a gcuid féin de.

Sa léacht seo, déanfar spíonadh ar an stór rincí a bhí ann ag tús an fichiú haois trí shúil a chaitheamh ar thaifid chartlainne agus ar chuntais phearsanta ón tréimhse chéanna. Díreofar ar fhianaise ó cheoltóirí, ó rinceoirí agus ó bhailitheoirí as Dún na nGall. The treatments of pieces like Irving Cohn’s ‘Yes! Déanfar plé ar an dóigh a léiríodh píosaí cosúil le ‘Yes! We have no Bananas’ le hIrving Cohn, ‘Oh Johnny, Oh Johnny Oh’ le hAbe Olman chomh maith leis an phíosa clúiteach ‘Colonel Bogey March’. Lena chois sin, tabharfar léargas ar an dóigh a rinneadh píosaí eile a fhí isteach i dtraidisiún an lae inniu agus atá anois ar na ríleanna, ar na válsaí agus ar na rincí Albanacha is ansa linn!