EOLAS

Information

Cá bhfaighidh mé lóistín?

Feic ar ár Leathanach Lóistín le heolas ar óstáin, tithe lóistín agus tithe féinfhreastail sa cheantar.

Feic ar ár Treoracha Taistil le heolas ar iompar poiblí agus ar bhealaí tiomána.

Feic ar ár bPolasaí Aisíocaíochta le heolas iomlán anseo.

Bíonn. Beidh pointe eolais ar oscailt i rith na féile le heolas faoi shiúlóidí, turais agus imeachtaí cultúrtha. Labhair le ball den fhoireann le tuilleadh eolais a fháil.

Tá, seo iad na príomhionaid agus a gcuid Eircóidí:

  • Pobalscoil Ghaoth Dobhair (ranganna) – F92 HX52

  • An Chrannóg (seisiúin agus imeachtaí) – F92 EYT3

  • Teach Hiúdaí Beag (seoladh agus seisiúin) – F92 YF61

  • An Social (Ceolchoirmeacha agus imeachtaí) – F92 YX56

Amharclann Ghaoth Dobhair (Ceolchoirmeacha) – F92 A718

Is gá. Moltar go láidir do ranganna a chur in áirithe roimh ré mar bíonn na háiteanna teoranta agus díoltar amach go gasta iad.

Is féidir. Tá fáilte roimh theaghlaigh ag Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair. Cé go bhfuil cuid de na de na himeachtaí dírithe ar dhaoine fásta (cóisir na Bliana Úire), bíonn imeachtaí ann atá oiriúnach do pháistí agus do dhéagóirí fosta. Féach cur síos na n-imeachtaí le bheith cinnte.

Tabhair leat d’uirlis cheoil féin do na ranganna ceoil. Maidir le ranganna damhsa nó amhránaíochta, moltar éadaí agus bróga compordacha.

Beidh bia ar fáil i rith na ranganna i bPobalscoil Ghaoth Dobhair. Beidh bia ar fáil fosta sna hóstáin agus sna bialanna áitiúla.

Coinnigh súil ar an bpointe eolais, ar ár suíomh gréasáin agus ar ár gcainéil meán sóisialta. Is féidir le baill den fhoireann eolas a thabhairt duit ag na hionaid fosta.

Where can I find accommodation?

Please see our Accommodation Page for details of local options including hotels, B&Bs, and self-catering stays.

Please see our Directions Information for travel advice, including public transport options and driving routes.

Please see our Refunds Policy for full details.

Yes. There will be an information point during the festival with details on local activities, walks, tours, and cultural events. Please speak to a member of the team during the festival.

Yes, here are the main venues and their Eircodes:

  • Pobalscoil Ghaoth Dobhair (classes) – F92 HX52

  • An Chrannóg (sessions and events) – F92 EYT3

  • Teach Hiúdaí Beag (launch and sessions) – F92 YF61

  • An Social (concerts and events) – F92 YX56

Amharclann Ghaoth Dobhair (concerts) – F92 A718

Yes, advance booking is strongly recommended as places in classes are limited and often sell out quickly.

Yes, Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair is family-friendly. Some events are designed for adults (New Year’s Eve Party), but there are also activities suitable for young people. Please check individual event descriptions.

Please bring your own instrument for music workshops. For dancing and singing classes, comfortable clothing and footwear are recommended.

Yes, food will be available during class times in Pobalscoil Ghaoth Dobhair. In addition, local hotels, restaurants, and takeaways will be open throughout the festival.

You can follow announcements at the information point, check our website and social media channels, and speak to team members at the venues.

Polasaí Gaeilge Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair

1. Réamhrá
Is é cuspóir Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga bheo an phobail agus mar mheán foghlama, ceoil agus cultúir. Táimid lonnaithe i gcroílár na Gaeltachta agus  aithnímid ár ndualgas an Ghaeilge a chosaint agus a threisiú mar theanga laethúil agus mar chuid lárnach dár bhféiniúlacht.

2. Aidhmeanna an Pholasaí
  ● Úsáid na Gaeilge a spreagadh agus a chinntiú gur í an phríomhtheanga
chumarsáide í i ngach gné den Scoil Gheimhridh.
  ● Tacaíocht a thabhairt do chainteoirí dúchais agus do fhoghlaimeoirí araon.
  ● Spás tumthach a chruthú ina mbraitheann rannpháirtithe compordach ag úsáid na Gaeilge go foirmiúil agus go neamhfhoirmiúil.
  ● Meas agus tuiscint a chothú ar an nGaeilge mar theanga phobail Ghaoth
Dobhair.

3. Úsáid na Gaeilge
  ● Cumarsáid Oifigiúil: Déanfar gach fógra, comharthaíocht, clár agus ábhar oifigiúil i nGaeilge ar dtús, agus cuirfear leagan Béarla ar fáil nuair is gá.
  ● Cumarsáid Inmheánach: Bainfidh foireann, múinteoirí agus eagraithe úsáid as an nGaeilge mar theanga oibre chomh minic agus is féidir.
  ● Ranganna & Ceardlanna: Beidh an Ghaeilge mar mheán teagaisc i ngach
rang agus ceardlann, le tacaíochtaí do rannpháirtithe de leibhéil éagsúla chomh minic agus is féidir.
  ● Imeachtaí Sóisialta & Cultúrtha: Spreagfar úsáid na Gaeilge i ngach ócáid
shóisialta, ó cheolchoirmeacha go ciorcail chomhrá.

4. Rannpháirtithe
  ● Moltar do gach rannpháirtí iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a úsáid i rith an chúrsa.
  ● Cuirfear frásaí úsáideacha agus áiseanna teanga ar fáil chun cabhrú le
foghlaimeoirí.
  ● Beidh fáilte roimh rannpháirtithe de gach leibhéal Gaeilge, agus cothófar timpeallacht chuimsitheach.
  ● Tá sé mar aidhm againn go mbeidh rannpháirtithe in ann an Ghaeilge a labhairt lenár bhfoireann, lenár gconraitheoirí agus lena chéile i rith an fhéile.
Déanfaimid ár ndícheall chun é seo a éascú trí chomhthéacsanna nádúrtha
cumarsáide a chruthú agus trí thacaíochtaí praiticiúla a chur ar fáil.

5. Foireann & Múinteoirí
  ● Beidh an fhoireann agus na múinteoirí ag feidhmiú mar shamplaí dearfacha trí
Ghaeilge a úsáid chomh minic agus is féidir.
  ● Déanfar briseadh isteach don fhoireann agus do na teagascóirí ar a ndualgas
an polasaí seo a chur i bhfeidhm.
  ● Beidh siad freagrach as timpeallacht thacúil agus spreagúil a chruthú do
rannpháirtithe.

6. Conraitheoirí
  ● Tá sé riachtanach go mbeidh an Ghaeilge ag ár gconraitheoirí, ós rud é go
bhfuil siad ag feidhmiú i gcomhthéacs Gaeltachta agus go mbíonn siad i
dteagmháil le rannpháirtithe agus leis an bpobal áitiúil.
  ● Trí chonraitheoirí Gaeilge a fhostú, cinntímid go mbeidh ardchaighdeán
seirbhíse ar fáil agus go gcoimeádfar comhsheasmhacht idir na luachanna atá ag croílár na Scoile Gheimhridh agus an taithí a fhaigheann
rannpháirtithe.
  ● Tugann sé seo meas don phobal áitiúil, ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga
bheo laethúil.

7. Cumarsáid Phoiblí
  ● Beidh an Ghaeilge mar phríomhtheanga ar shuíomh gréasáin, ar na meáin
shóisialta agus i bpreasráitis.
  ● Tabharfar aistriúchán Béarla nuair is gá chun inrochtaineacht a chinntiú.

8. Tacaíochtaí Teanga
  ● Beidh áiseanna cosúil le frásaí bunúsacha, cártaí cumarsáide agus eolas ar
ranganna áitiúla Gaeilge ar fáil.
  ● Eagrófar ciorcail chomhrá chun cleachtadh neamhfhoirmiúil a chur chun cinn.
  ● Spreagfar úsáid na Gaeilge i gcomhthéacsanna laethúla seachas sna
ranganna amháin.

9. Forfheidhmiú & Meastóireacht
  ● Beidh na coistí eagraithe freagrach as cur i bhfeidhm an pholasaí.
  ● Déanfar monatóireacht agus measúnú i rith na Scoile Gheimhridh trí aiseolas ó rannpháirtithe agus foireann.
  ● Déanfar athbhreithniú bliantúil ar an bpolasaí agus cuirfear leasuithe i
bhfeidhm más gá.

10. Comhthéacs Dlí & Pobail
  ● Aithnítear stádas Gaeltachta Ghaoth Dobhair agus na cearta teanga atá
leagtha síos faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.
  ● Aithnímid go bhfuil Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair mar chuid lárnach den
phobal áitiúil agus go bhfuil ról againn an Ghaeilge a chaomhnú agus a
threisiú mar theanga bheo.
  ● Oibreoimid i gcomhar le heagraíochtaí áitiúla agus náisiúnta ar nós Údarás na
Gaeltachta, Ealaín na Gaeltachta agus an Chomhairle Contae chun an
cuspóir seo a bhaint amach.

Síniú: Caitriona Nic Gairbhigh
Ar son Choistí Eagraithe Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair