Tá an-áthas orainn go mbeidh Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair ar ais arís i mbliana, ón 14ú go dtí an 18ú d’Aibreán 2022.
I measc na gceoltóirí a bheidh inár gcuideachta i mbliana, beidh Altan; Iarla Ó Lionáird, Dermot Byrne agus Steve Cooney; SíFiddlers; Skipper’s Alley; Daoirí Farrell; Laoise Kelly agus go leor eile nach hiad.
Beidh cuid de na ceoltóirí traidisiúnta is cumasaí agus is mó clú faoi láthair i mbun na gceardlanna ceoil, amhránaíochta agus rince. Tá réimse leathan imeachtaí beartaithe, ina measc beidh seisiúin cheoil, taispéantas, léacht agus seoladh dlúthdhiosca.
Is i nGaeltacht Gheal Ghaoth Dobhair a reáchtáiltear an mhórfhéile cheoil seo.
Tá clú agus cáil ar Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair nó Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy mar a tugadh uirthi i dtús ama. Tugann na mílte ceoltóir aghaidh ar cheantar álainn, ársa Ghaoth Dobhair le linn thréimhse na Nollag chun sult agus pléisiúr a bhaint as scoith an cheoil, na hamhránaíochta agus an rince i gcuideachta a gclann agus a gcairde.