Damhsa Cor Beirte le Ceoltóirí:Tara Connaghan, Rónán Galvin & special guests
Teagascóirí rince: Connie Mc Kelvey & Ann Connaghan
Ócáid bhuaicphointe do go leor rialta ag Scoil Gheimhridh! Anseo gheobhaidh tú taithí ar thraidisiún damhsa iontach agus uathúil Dhún na nGall le ceol ó chuid de na fidléirí is fearr i nDún na nGall. Bí ag súil le amhrán nó dhó ó aíonna iontacha idir dhamhsaí agus tú ag tarraingt d’anáil.
LÉACHT IARNÓN: ‘Tarlach Mac Suibhne: An Píobaire Mór’
Ionad: An Chrannóg, Dé hAoine 29ú – 2.30i.n.
Á chur i láthair ag: Síle Friel agus Cathal Ó Curráin Le aoí speisialta, Ciarán Mac Fheidhlimidh
Sa chur i láthair seo gheobhaidh muid léargas ar shaol an ‘Píobaire Mór’ Tarlach Mac Suibhne, agus ar an tionchar mór a bhí aige ar thraidisiún a bhaile dúchais, Gaoth Dobhair, agus níos faide i gcéin.
Ionad: Amharclann Ghaoth Dobhair, Dé hAoine 29ú – 8.30i.n.
Faoi stiúir an amhránaí iomráiteach, Síle Denvir, tá Bláth na hÓige ina ghrúpa de chuid de na hamhránaithe agus de na ceoltóirí óga is fearr ar an sean-nós ar fud na hÉireann. Ina measc tá Caoimhe & Séamus Ó Flatharta, Méabh Ní Bheaglaoich, Cathal Ó Curráin, Megan Nic Ruairí, Piaras Ó Lorcáin agus Máire & Étáin Ní Churraoin. Fréamhacha glasa le feiceáil ó dhoimhne an traidisiúin amhránaíochta ar an sean-nós, ó Chonamara go Rann na Feirste, ó Ráth Chairn go hOiall agus ó Chorca Dhuibhne go Gaoth Dobhair, eachtra corraitheach d’fhionnachtain ealaíonta do na hamhránaithe óga seo is ea an togra seo. pointe slí ar a dturas ceoil.
Ionad: Amharclann Ghaoth Dobhair, Dé hAoine 30ú – 4.00i.n.
Le: Maitiú Ó Casaide, Megan Nic Fhionnghaile, Lorraine O’Brien, Paul Meehan & Marty Barry
Leis an árd chaighdeán atá I measc na gceoltóirí seo ar aon stáitse amháin le chéile, is cinnte go mbeidh uair go leith de ceol agus amhránaíocht den scuth le cloisint. Maitiú Ó Casaide (píob uilleann); Megan Nic Fhionnghaile (fidil/amhrán); Lorraine O’Brien (consairtín); Paul Meehan (Giotár/bainseó) agus Mgrty Barry (giotár/bainseó agus amhrán)
Ionad: Amharclann Ghaoth Dobhair, Dé Sathairn 30ú – 8.30i.n.
D’fhás na deartháireacha Brían agus Diarmuid Mac Gloinn aníos ag seinm ceoil le chéile thart ar a mbaile dúchais, Ceatharlach. Tar éis dóibh bogadh go Baile Átha Cliath in 2012, tháinig siad chun cinn go mór i saol an cheoil ar fud na tíre agus i gcéin agus tá a lán daoine an-tógtha le armóin agus rogha amhrán na ndeartháireacha, go leor acu i nGaeilge, agus a eascraíonn as thraidisiún amhránaíochta Uladh chomh maith le háit dhúchais a muintire, Árann Mór.
Le go leor albam, agus go leor duaiseanna lena n-áirítear Gradaim Cheoil Dhúiche RTÉ & BBC, thaistil siad agus chuaigh siad ar camchuairt ar fud an domhain ag spreagadh lucht féachana i ngach áit.
Bhí an léiriú deireanach a rinne siad ar Scoil Gheimhridh in 2017 ar cheann de na buaicphointí a bhí againn, agus táimid ag súil go mór lena bhfilleadh, in éineacht le hAlain McFadden. Ná cailligí é!
Le cúpla bliain anuas tá an t-amhránaí agus iluirliseoir, Eoghan Ó Ceannabháin tagtha isteach ina chuid féin mar ealaíontóir aonair agus cumadóir amhráin. Cuireann a chuid amhráin scríofa i mBéarla agus i nGaeilge le bunús a chuid amhránaíochta ar an sean-nós ach nascann sé liricí crua le tionchair cheoil eagsúla chun fuaim shaibhir comhaimseartha a chruthú. D’eisigh sé a chéad albam aonair “The Deepest Breath” le déanaí.
CÓISIR OÍCHE NA BLIANA ÚIRE: The Bonny Men + guests
Ionad: The Social, Na Doirí Beaga, Dé Domhnaigh 1ú – 930i.n.
“A reputation for electric live performances with an energy reminiscent of the legendary Bothy Band.” – Hot Press
Ó bunaíodh iad i mí Eanáir 2011, tá banna ceoil Bhaile Átha Cliath, The Bonny Men aitheanta mar cheann de na grúpaí beo is fearr dá nglúin lena bhfuaim bhríomhar, a ardóidh an spiorad agus muid ag druidim le bliain úr! Ní bhíonn an banna seo faiteach maidir le carachtar nó pearsantacht. Eispéireas ceoil é gach gig Bonny Men ó thús go deireadh!