Scoil
Gheimhridh
2024
Bígí linn agus glacaigí páirt i ndraíocht an cheoil thraidisiúnta i rith an 30ú Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair ón 27 go 31 lá Nollaig 2024. Tá an Scoil Gheimhridh lonnaithe i gceantar álainn Gaeltachta an Iarthuaisceart, anseo i nDún na nGall, áit a bheas cúig lá lán de spraoi ann do gach aoisghrúpa, mar a bíonn gach bliaina!
Tá clár imeachtaí dochreidte againn ina mbeidh ceoltóirí mór le rá ar nós Altan, The Friel Sisters, An Crann Óg, Breanndán Ó Beaglaoich, Gary Hastings, Máire Ní Choilm agus go leor, leor eile. Chomh maith leis na ceolchoirmeacha iontacha seo, tá rian seisiúin, seolta albam, agus ceardlanna ceoil, amhránaíochta, agus damhsa ó chuid de na ceoltóirí is fearr sa tír, agus gan dearmad a dhéanamh ar Oíche na Bliana Úire, leis an grúpa iontach Joe Jack Attack! agus aíonna speisialta eile- ag tarlú i gcroílár Ghaoth Dobhair, ard-ionad ceoil, “The Social”!
Tá sé 30 bliain ó bhunaigh Clann Uí Mhaonaigh agus a gcairde, Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy in ómós do Frankie Kennedy a cailleadh i 1994. Beidh muid a cheiliúradh agus a chómoradh leis an ceolchoirm ‘Flutopia’ a chur i láthair ag Belfast Trad Fest chomh maith le ceolchoirm speisialta le hAltan.
Tar chuig Féile Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair chun do scíth a ligean i ndiaidh an tséasúir saoire agus fáilte a chur roimh an Bhliain Úr le cairde & ceol. Tá súil againn sibh a fheiceáil ann!
I measc na n-ionad an Scoil Gheimhridh na bliana seo tá Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Amharclann Ghaoth Dobhair, The Social, An Chrannóg agus Teach Hiúdaí Beag.
Tá Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair buíoch dár n-urraitheoirí uilig atá ag tabhairt tacaíocht dúinn i mbliana.
Tuilleadh eolais:
Teil: +353(0)74 953 2208
Ríomhphost: sggd@crannog.ie