Dé hAoine 27ú
OSCAILT OIFIGIÚIL
Oscailt oifigiúil 30ú Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair le Gary Hastings.
Ionad: Teach Hiúdaí Beag, An Bun Beag, Dé hAoine 27ú – 7.00i.n.
Leis An Crann Óg agus go leor eile.
Leanfaidh an oíche ar aghaidh le seisiún oscailte mhór ina dhiaidh sin.
Fáilte roimh chách!
Dé Satharn 28ú
CEOLCHOIRM AMHRÁNAÍOCHTA:
‘Ailleog an Oireachtais’
Ionad: The Social Live, Dé Satharn 28ú – 8.30i.n.
‘Caith chugainn Ailleog cheoil’
Traidisiúin amhránaíochta éagsúla i gContae Dhún na nGall á gceiliúradh
Le: Máire Ní Choilm, Breanndán Ó Beaglaoich, Doimnic Mac Giolla Bhríde, Naoise Mac Cathmhaoil, Patricia Nic Ruairí agus go leor eile!
Óstach: Mairéad Ní Mhaonaigh
DAMHSA TRÁTHNÓNA:
Ionad: The Social Live, Déardaoin 28ú – 8.30i.n.
Damhsa Cor Beirte le Ceoltóirí:Tara Connaghan, Rónán Galvin & special guests
Teagascóirí rince: Connie Mc Kelvey & Ann Connaghan
Ócáid bhuaicphointe do go leor rialta ag Scoil Gheimhridh! Anseo gheobhaidh tú taithí ar thraidisiún damhsa iontach agus uathúil Dhún na nGall le ceol ó chuid de na fidléirí is fearr i nDún na nGall. Bí ag súil le amhrán nó dhó ó aíonna iontacha idir dhamhsaí agus tú ag tarraingt d’anáil.
Dé hAoine 29ú
LÉACHT IARNÓN:
‘Tarlach Mac Suibhne: An Píobaire Mór’
Ionad: An Chrannóg, Dé hAoine 29ú – 2.30i.n.
Á chur i láthair ag: Síle Friel agus Cathal Ó Curráin Le aoí speisialta, Ciarán Mac Fheidhlimidh
Sa chur i láthair seo gheobhaidh muid léargas ar shaol an ‘Píobaire Mór’ Tarlach Mac Suibhne, agus ar an tionchar mór a bhí aige ar thraidisiún a bhaile dúchais, Gaoth Dobhair, agus níos faide i gcéin.
Dé Domhnaigh 29ú
CEOLCHOIRM NA hOÍCHE:
Altan & An Crann Óg
Ionad: Amharclann Ghaoth Dobhair, Dé Domhnaigh 29ú – 8.30i.n.
Tá Altan ag seinm ceoil le daichead bliain anois ag tabhairt ardán do cheol fidle agus amhráin Thír Chonaill ar fud an domhain ón tSeapáin go Nua Eabhrach! Tá seacht gceirnín déag taifeadta acu thar an tréimhse sin agus is ‘Donegal’ teideal an taifead is úire atá acu ar an mhargadh ar chomhlucht ceirnín ‘Compass Records’ atá lonnaithe i Nashville na Stáit Aontaithe.
Le cois an cheirnín úr seo, tá Altan i ndiaidh cuireadh a thabhairt do Clare Friel, fidléir agus amhranaí as Glaschú agus Doire na Mainseár, Co Dhún na nGall a bheith mar bhall den bhanna. Beidh Clare anois ag taisteal ar fud an domhain i gcuideachta, Ciaran Curran, Mark Kelly, Martin Tourish agus Mairéad Ní Mhaonaigh.
Is cúis bróid don bhanna aitheantas a fháil thar na blianta ó Gradam Ceoil TG4 (2001)Comhairle Chonndae Dhún na nGall(2018) agus ón Irish-American Press ag dinneár cheiliúrtha IBAM i Mí na Samhna, i Chicago, IL (2024)
An Crann Óg
Grúpa de cheoltóirí óga ó iarthuaisceart Dhún na nGall atá lonnaithe sa Chrannóg, i nGaoth Dobhair agus atá ag freastal ar Scoil Cheoil na Crannóige.
Bíonn siad ag seinim ceol traidisiúnta agus ag ceol amhráin as Gaeilge.
Ó cuireadh tús leis an ghrúpa “An Crann Óg” i 2008, d’éirigh go sármhaith leis na daoine óga a fuair a dtaithí sa ghrúpa seo, le cuid acu ag plé leis an cheol go lánaimseartha agus ag taisteal ar fud an domhain. Seo anois an cúigiú ghlúin den Crann Óg!
Dé Luain 30ú
CEOLCHOIRM IARNÓIN:
Cuireann Belfast TradFest ‘Flutopia’ i lathair in ómós do Frankie Kennedy.
Ionad: The Social, Dé Luain 30ú – 3.00i.n – 4.30i.n.
Le: Le Gary Hastings, Christine agus Martin Dowling, Tara agus Dermy Diamond, Desi Wilkinson, Anna Friel, Etáin Murphy, Jude Scott & Piaras MacMaoláin.
Cuireann Belfast TradFest ‘Flutopia’ i láthair i gcomhar le Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair áit ina mbeidh muid ag cuimhneamh ar an sár-cheoltóir agus duine de bhunaitheoirí Altan, Frankie Kennedy, fear a chuaigh go mór i bhfeidhm ar sheinnteoirí flúit na tíre seo. Beidh muid ag ceiliúradh an cheangal laidir atá idir Bhéal Feirste agus Gaeltacht Thír Chonaill fríd an teanga an chultúr agus an cheol.
Tá Béal Feirste comhchiallach le fuaim an fhliúit. Is sainmharcanna stíl Bhéal Feirste iad fuinneamh agus cruthaitheacht. Bíonn cuisle leanúnach agus hiopnóiseach ag ceol na cathrach seo a tharraingíonn an éisteoir isteach i stát atá cosúil le támhnéal. Beidh cuid de na seinnteoirí feadóg traidisiúnta is fearr ar domhan le feiceáil sa cheolchoirm seo agus is cinnte go mbeidh a seónna iontach, idir léirithe aonair agus léirithe comhoibritheacha.
CEOLCHOIRM NA hÓICHE:
The Friel Sisters & Frances Morton agus a banna.
Ionad: The Social, Dé Luain 30ú – 8.30i.n.
The Friel Sisters
Is ceoltóirí traidisiúnta as iar-thuaisceart Thír Chonaill iad Anna, Sheila agus Clare Friel. Tógadh i nGlaischú iad ach d’fhán siad dilís dá cuid rútaí Connallacha. Tá dhá albam éisithe go dtí seo agus beidh an triú ceann a sheoladh acu ar an oíche. Seinneann The Friel Sisters ar staitsí agus ag féilte idirnáisiúnta agus sheinn siad ar staitse le leithéidí Altan, The Chieftains, Lúnasa and Sharon Shannon. Bronnadh go leor duaiseanna ar The Friel Sisters thar na mblianta ar nós an Trophée Loïc Raison ag an Festival Interceltique de Lorient agus bronnadh Ceoltóir Óg na Bliana TG4 ar Clare Friel. Beidh Marty Barry, amhránaí agus seinnteoir giotár as Droichead na Banna leo ar an oíche chomh maith le Cathal Ó Curráin seinnteoir basúcaí as Gaoth Dobhair a bronnadh ‘Best Emerging Artist 2022’ ar ag na RTÉ Radio 1 Folk Awards i mBaile Átha Cliath.
“Exquisite, beautiful and intuitive. An impressive young bunch with fabulous taste and impeccable chops” – Irish Echo, New York
“Fresh and invigorating” – Boston Irish Reporter
Frances Morton
Sár-fhliúiteadóir as Glaschú í Frances Morton. Ag Scoil Gheimhridh na bliana seo, seolfaidh sí a céad albam ‘Sliocht’ a bhfuil rachairt mhór air cheana féin. De shliocht Gaelach Frances agus tógadh í le ceol Gaelach ina cáthair dúchais Glaschú. Bhuaidh sí léir boinn ag Craobh na hÉireann, sheinn sí ag mórán féilte i nÉirinn agus thar lear le ceoltóirí Éireanacha agus Albanacha agus d’fhorbair sí taighde acadúil s’aici féin i gceol traidisiúnta agus sa dinnseanchas. Ina theannta sin, ar an oíche beidh na ceoltóirí a sheinn ar a halbam, Eamon McElholm, (Solas, Stockton’s Wing), Ciarán Tourish (Altan) agus aoi- speisialta, an ceoltóir sean-nóis Doimnic Mac Giolla Bhríde. Seolfaidh Mairéad Ní Mhaonaigh, an sár-cheoltóir as Gaoth Dobhair ‘Sliocht’ do Frances.
Dé Máirt 31ú
CÓISIR OÍCHE NA BLIANA ÚIRE:
Joe Jack Attack & Breanndán Ó Beaglaoich le Kyle McAuley, agus go leor eile!
le Maddens Bar Belfast
Ionad: The Social, Na Doirí Beaga, Dé Mairt 31ú – 9:30i.n. – 1:00r.n.
Tógadh Cathal Ó Curráin agus Megan Nic Fhionnghaile i measc saibhris foinn agus amhráin a bhí ag muintir Joe Jack as Gaoth Dobhair, Dún na nGall. Mhúnlaigh an traidisiún láidir sin a gcuid ceoil agus a gcuid amhránaíochta den scoth, ag mealladh lucht féachana lena gcuid léirithe fíochmhar. Ina dteannta sin, tá Marty Barry, ceoltóir ilghnéitheach ó Dhroichead na Banna, Co. an Dúin, a bhfuil a fréamhacha ceoil ag dul siar sna nglúnta.