DÉ CÉADAOIN 29ú NOLLAIG

CEARDLANN DO THEAGASCÓIRÍ CEOIL: Bí cruthaitheach agus tú ag teagasc ceoil An Chrannóg Na Doirí Beaga, 2.00 i.n.

Curtha i láthair ag an Dr Liz Doherty ó iteachtrad.com

Bí cruthaitheach agus tú ag teagasc ceoil

I Teach Trad dírithe ar cheoltóirí ar mhaith leo a bheith ina dteagascóirí ceoil. 

Sa cheardlann seo, bainfear úsáid as uirlis nua teagaisc agus fhoghlama a chuideoidh le teagascóirí ranganna ceoil lán le cruthaitheacht agus craic a phleanáil agus a chur i láthair.

Tá an paca cártaí TradLABB™ (sea, paca cártaí!) ina áis teagaisc, áis a chlúdaíonn réimse leathan ábhar (36 le bheith beacht) a bhaineann le teagasc an cheoil- ábhair cosúil le poirt, teoiric, éisteacht, machnamh, stair agus an tslí chun dul i ngleic le himní a bhaineann le ceol a chur i láthair.  Déanfar plé ar an méid thuas AGUS caithfear súil ar roinnt uirlisí agus modhanna praiticiúla a rachfaidh chun sochair don teagascóir agus iad ag tarraingt ar an áis seo sa rang.

Is mór an chraic agus cuideachta atá le baint as teagasc an cheoil!

Bronnfar suaitheantas digiteach FGL (CPD) ar na rannpháirtithe uilig.

“Chuidigh Liz go mór liom” – Aidan O’ Donnell

“Tá mé spreagtha anois agus fís agam don todhchaí” – Cruit Éireann, 2020

“Thar a bheith cruthaitheach agus sultmhar” – Cruit Éireann, 2020