Teachtaireacht Covid

Covid-19- Teachtaireacht ó choiste SGGD

Polasaí Sábháilteachta Covid-19

De réir threoirlínte Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, tá sé riachtanach go mbeidh masc á chaitheamh agus vacsaín iomlán i gcoinne Covid-19 faighte ag lucht féachana na n-imeachtaí. Tá sé riachtanach go mbeidh vacsaín iomlán faighte ag rannpháirtithe na ranganna ceoil agus ag na teagascóirí chomh maith.

Ar mhaithe le cúrsaí sláinte agus sábháilteachta, iarrfar ar gach duine fianaise a léiríonn go bhfuil vacsaín iomlán faighte acu nó fianaise de thástáil (PCR nó antaigin) dhiúltach a glacadh ar na mallaibh, a thaispeáint sula bhfaighidh siad cead isteach chuig na himeachtaí.

Gach duine os cionn 16 bliana d’aois: fianaise a léiríonn go bhfuil vacsaín iomlán faighte acu chomh maith le cárta aitheantais. Aon duine nach bhfuil vacsaín iomlán faighte acu nó nach bhfuil teastas acu, is féidir leo fianaise de thástáil dhiúltach a thaispeáint. De réir Pholasaí Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair, beidh ar gach duine masc a chaitheamh. Beidh líon teoranta lucht féachana sna hionaid chomh maith chun aon riosca a mhaolú. Muna bhfuil duine ábalta fianaise vacsaíne a thaispeáint, ní ligfear isteach chuig na himeachtaí iad.

Má mhothaíonn tú tinn, má tá comharthaí sóirt an víris ort nó má tá tú   aitheanta mar dhlúth-theagmhálaí le cás deimhnithe Covid-19, fan sa bhaile le do thoil. Má tá ticéad/ticéid curtha in áirithe agat d’aon imeacht de chuid Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair, déan teagmháil leis an oifig:

Fón: +353 (74) 9532208 | Rphost: [email protected]